Ceol ‘s Rann

Ceol ‘s Rann

Ceol ’s Rann, new album by Dónal DonohoeFágfaidh mé mo bheannacht
ag an tír seo
taistealóidh mé
thar sáile
fágfaidh mé an drochshaol
taobh thiar dhíom
‘s rachaidh mé
gan mhoill
Is fada an bóthar é
ó Chríoch Lochlann
‘s níl aon rud agam ach
ceol ‘s rann

Amach faoi na sléibhte
amuigh faoin spéir
a’ siúl na gcoillte
gach ceann go léir
Is fada an bóthar é
ó Chríoch Lochlann
‘s níl aon rud agam ach
ceol ‘s rann

Níl gá ag mo ghrá liom
‘s mairim in uaigneas
san oíche i m’árasán
oibrím gan suaimhneas
Is fada an bóthar é
ó Chríoch Lochlann
‘s níl aon rud agam ach
ceol ‘s rann

An t-Slí go Cill Mhantáin

Ceol’s Rann, new album by Dónal DonohoeAmach ón mbaile mór
‘s slán leis an stró
ar ais go dtí na sléibhte
i bhfolach faoin gceo
níl ann ach treo amháin
ar an t-slí go Cill Mhantáin

Ò dheas go dtí Ó Cualann
‘s tar éis sin an Ghleann dá Ghrua
agus síos an bóthar
tuirseach leis an dua
gan gá ach bia do mo bhéal
‘s ceol a bhaint as an saol

Ar ais go dtí na sléibhte
i bhfad ón mbaile mór
ar ais go dtí mo chuisle
mo chara ‘s mo stór
níl ann ach treo amháin
ar an t-slí go Cill Mhantáin

The Voyage of Bran

Ceol’s Rann, new album by Dónal DonohoeOne day Bran’s alone
walking near his home
he hears music so deep
it lulls him to sleep
He awakens and finds
flowers white and fair
he takes them home
a woman ’s there
She sings to him a song
and as the words unfurl
he hears the great delights
of the other world

But the flowers dissappear
the song and lady
next day Bran sets out
with friends across the sea
After two days
a chariot draws near
and they see
it’s Manannán Mac Lir
He sings for them a song
they see mists rise and curl
their colours weaving tales
of the other world
As a flowry plain
Bran sees the sea
as though floating on
a forest of trees
He tells them many things
but before he says goodbye
he sends them to the isle
of Women that’s close by
and on that land
there is no stain
and Bran delights
in how he’s entertained

At last some miss their home
so they sail back through the rain
they see people by the sea
Bran tells to them his name
we know of no such one
they answered from the shore
but the voyage of Bran
is in our lore
The first to spring ashore
into ashes disappeared
as though he’d lain in the earth
for hundreds of years
then this tale of Bran wrote
in ink and pen
and from that time on
was never seen again

As an Nua

Ceol’s Rann, new album by Dónal DonohoeBeagán buanna, a lán tubaistí
ag maireachtáil ar bheagán prataí
tiocfaidh an geimhreadh’s go luath
tosnóidh mé le mo thua

Bliantaí ar an nganntanas
na dríodar bochtaineachta
oícheanta gan ansacht
tá sé in am athrach

Nuair a thiocfaidh an t-earrach
beidh mé ar mo bhealach
‘s leis an ghaoth Mhárta in aghaidh mo ghrua
tosnóidh mé as an nua

Dóchas

Ceol’s Rann, new album by Dónal DonohoeCad atá ar siúil tar éis na blianta
tagann an t-athrú go mall
Tá daoine ag caint faoi rudaí anois
nach gcloisfí roimhe seo
Cad atá ar siúil ar fud na h-áite?
Pé scéal é tá dóchas ann

Tá ciúnas ins an aer
tríd an tír anocht
Níl ceist i mbéal na ndaoine faoi
cé air atá an lucht
Tá an crá ag imeacht ó gach éinne
tá tosach nua, tá dóchas ann

Sorrow free

Ceol’s Rann, new album by Dónal DonohoeOn a lazy day
with the city far behind
the afternoon ahead
on our way a place to find
we stopped at the oak tree
then walked on
Sitting by the riverbank
the sun was shining bright
the river flowed, so did we
and everything was right

Deeper on we strayed
there was no one else around
the music of the wood
in symphonies did abound
the fading summer sun
still warmed the air
Afterwards we found again
a trail that we could see
you and I, late September
sorrow free

An Bóthar Siar

Ceol’s Rann, new album by Dónal DonohoeAr mo lámh dheis barra na cruaiche
‘s mé ag dul an bóthar siar
Phreab mé i dtreo na míntíre
‘s d’fhag mé an réimse sin taobh thiar

Chonaic mé taillte bána ‘s coillte
le hais an bhóthair riastáilte
Go gasta bhí amhras orm
go raibh botún ar mo learscáil

Bhí athrú mór ar an tírdhreach
ón gceann deireannach a bhí ann
Chas mé sean-amhrán gan mhoill
‘s chuimhnigh mé ar na focail bhinne

As an gCeo

Ceol’s Rann, new album by Dónal DonohoeScéalta le taobh an tinteáin
faoin saol a bhí ann fadó
tá an tine faoi lasrach anois
‘s tá taibhsí ag teacht as an gceo

Na Fir Bolg roimh na nGael
an Dagdha, Gráinne Mhaol ’s Maedhbh
Oisín ‘s Cú Chulainn
eachtraí ar chuile thaobh

Bhí Gleann Ann Fadó

Ceol’s Rann, new album by Dónal DonohoeLe linn m’óige bhí rudaí nua gach lá
ag taiscéaladh sna gcoillte nó ar an trá
ar mo shuaimhneas mar a déarfá

Chuaigh mise ‘s mo chairde nuair a bhí an samhradh ann
go dtí an gleann, an áit is fearr sa domhan
‘s ní bheidh a leithéid arís ann

Bhí cúpla sean-teachíní le ballaí bána
bhí muileann uisce le taobh an tsrutháin
ní raibh a fhios againn cén rud a bhí i ndán

Nuair a chuaigh mé ar ais go dtí an gleann
go taobh an tsrutháin uisce domhain
ach ní raibh an muileann uisce ann

Níor chreid mo shúile an radharc ón lochán
bhí tithe gránna le stuanna na Spáinne
‘s clocha ó Bhinn Éadair ar leath bhalla amháin

Bhí gleann ann fadó an gleann is fearr sa domhan
níl sa ngleann anois ach áit i mo cheann
‘s ní bheidh a leithéid arís ann

An t-Oileán

Ceol’s Rann, new album by Dónal DonohoeTháinig an samhradh lá amháin
amach síos an bóthar im ghluaisteán
thiomáin mé ar feadh an lae
gan stad go dtí go bhfaca mé
an t-oileán amach sa gcuan
‘s fagann an bád um nóin

Tiocfaidh an lá gan mhoill anois
beimid le chéile tar éis an tsaoil
le ceol go dtí fáinne an lae
beimid le chéile le cairde gaoil
air, an t-oileán amach sa gcuan
‘s fagann an bád um nóin

Idir Uisce ‘s Aer

Ceol’s Rann, new album by Dónal DonohoeNá bac leis an diabhail
tá sé imí anois
‘s ní bheidh sé ar ais
anseo arís
Ná buair do cheann le
gach piseog faoin spéir
tóg do chuid comhairle féin
‘s tóg í go léir

Nuair a chloiseann tú
amhrán na gaoithe
éist leis ansin
gan eagla ar do chroí
Tá a lán rudaí ar siúl
idir uisce ‘s aer
bain sásamh as anois
‘s sna laethanta go léir

Ná bac leis an diabhail
tá sé imí anois
‘s ní bheidh sé ar ais
anseo arís
Tá a lán rudaí ar siúl
idir uisce ‘s aer
bain sásamh as anois
‘s sna laethanta go léir

Ceol’s Rann, 2007

cover.jpg

Dónal Donohoe
Acoustic Guitar & Vocal

Recorded and mixed at Touchwood Studio, Wicklow.
Mastered at Trend studio, Dublin.
Engineer, Barry Crowley
Design by Snap Printing
Cover photograph by Tina Wishart
Produced by Dónal Donohoe
All tracks by Dónal Donohoe
Buíochas le Elaine & Gearóid Ó Donnchadha
Many thanks also to Jeffrey Daniel Jensen &
George Renado

© 2007 Dónal Donohoe