Bhí Gleann Ann Fadó

Ceol’s Rann, new album by Dónal DonohoeLe linn m’óige bhí rudaí nua gach lá
ag taiscéaladh sna gcoillte nó ar an trá
ar mo shuaimhneas mar a déarfá

Chuaigh mise ‘s mo chairde nuair a bhí an samhradh ann
go dtí an gleann, an áit is fearr sa domhan
‘s ní bheidh a leithéid arís ann

Bhí cúpla sean-teachíní le ballaí bána
bhí muileann uisce le taobh an tsrutháin
ní raibh a fhios againn cén rud a bhí i ndán

Nuair a chuaigh mé ar ais go dtí an gleann
go taobh an tsrutháin uisce domhain
ach ní raibh an muileann uisce ann

Níor chreid mo shúile an radharc ón lochán
bhí tithe gránna le stuanna na Spáinne
‘s clocha ó Bhinn Éadair ar leath bhalla amháin

Bhí gleann ann fadó an gleann is fearr sa domhan
níl sa ngleann anois ach áit i mo cheann
‘s ní bheidh a leithéid arís ann